
Maelíosa Stafford, laoch ar lár
Is oth le Bord agus foireann na Taibhdheirce a chloisteáil gur bhásaigh Maelíosa Stafford, aisteoir agus léiritheoir. Méala mór a bhás dá theaghlach agus do mhuintir na hamharclainne anseo i nGaillimh, cathair dhúchais, in Éirinn, san Astráil. Iar-stiúrthóir Ealaíne le hAmharclann an Druid. Comhbhrón lena bhean agus a chlann, lena deartháireacha agus lena dheirfiúracha: Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith, Conall, lena nia Ruadhán a bhíonn ag obair sa Taibhdhearc, agus lena chlann agus a chairde go léir.
Cuimhnimid ar athair Mhaeliosa, Seán Stafford (1924 - 2020) agus a mháthair, Máire Stafford (1923-2014)

Éileamh ar Mhaoiniú Inbhuanaithe
Tá Bord An Taibhdhearc ag iarraidh ar Rialtas na hÉireann, go háirithe ar An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, aitheantas a thabhairt don éagothroime reatha sa mhaoiniú. Tá gealltanas á lorg againn ón rialtas an éagothroime seo a chur ina cheart tríd an tacaíocht airgeadais riachtanach a chur ar fáil go mbeidh an amharclann náisiúnta Gaeilge in ann oibríochta agus a bheith rathúil.