Cuireann An Taibhdhearc 'Dathann Geala Amháin' i láthair

16 Márta 2025

'Dathanna Geala Amháin'

'DROP DEAD FUNNY' – The Observor

Dráma dúghrinn is ea ‘Dathanna Geala Amháin’, a chuaigh ar camchuairt ó Bhéal Feirste go dtí An Bhrasaíl i gcóiste marbh! Cuireann An Taibhdhearc an t-aistriúchán seo i láthair don chéad uair. Tá an dráma beanaonair seo lán le diabhlaíocht agus athbheodh an dráma go speisialta le bheith mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe agus rachaidh sé ar camchuairt. Bain blaisín den deoch láidir agus tar linn ar thuras croíúil agus muid ag taisteal chun díchuimhne. Suite i dteach faire, níl an dráma seo ach feiliúnach dóibh siúd atá beo beithíoch. Beidh tae, comhbhrón agus ceapairí ar fáil freisin. Beidh fortheidil Bhéarla ar fáil. Tá beagán eascainí agus tagairtí d’fhoréigean sa seó seo. 14+

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne ag An Taibhdhearc: Tá sé ríthábhachtach mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge go léiríonn muid scéalta ar nós ‘Bright Colours Only’ - scéalta as gach cearn den oileán seo ar gá iad a chloisteáil agus a fheiceáil as Gaeilge, ar an stáitse ag an Taibhdhearc agus ar camchuairt i dTuaisceart agus i nDeisceart Éireann agus thar lear. Is í an fhís atá againn saothair tharraingteacha a cheapadh i nGaeilge, saothair a léiríonn cé muide sa lá atá inniu ann, ach ba bhreá linn ag an am céanna baile a thairiscint d’ealaíontóirí uaillmhianacha Gaeilge agus a saothar. Seo é an chéad léiriúchán dár séasúr nua, séasúr a mbaineann cúig imeacht leis, a bheidh ar siúl in 2025 - scéalta fúinne agus dúinne, dóibh siúd a mbíonn an Ghaeilge i ngach lá acu, do na foghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sa nGaeilge.

Camchuairt Bealtaine 2025 - Dátaí thíos

1-3, 6 - 10 Bealtaine: An Taibhdhearc, Gaillimh www.antaibhdhearc.com

14 Bealtaine: Amharclann Ghaoth Dhobhair, Dún na nGall - www.amharclann.com

17 Bealtaine: Ionad Ealaíon Linenhall, Caisleán an Bharraigh - www.thelinenhall.com

21 Bealtaine: Axis Ballymun, Baile Átha Cliath - www.axisballymun.ie

23-24 Bealtaine: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste - www.culturlann.ie

Cliar

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Foireann chruthaitheach

Scríbhneoir - Pauline Goldsmith

Stiúrthóir - Muireann Kelly

Aistriúchán - Séamas Mac Annaidh

Dearthóir Seit agus Éadaí - Bridget Ní Dhuinn

Dearthóir Soilsithe - Dara Hoban

Beochantóirí - Eabha Bortolozza & Jack Kirwin

FAOIN SCRÍBHNEOIR

Scríobh an scríbhneoir agus aisteoir Pauline Goldsmith ó Bhéal Feirste, a bhuaigh duaiseanna ('An aisteoir mná is fearr' - The Stage). Chuaigh a seó tórraimh Éireannach den scoth ar camchuairt idirnáisiúnta agus moladh mór faighte aige, agus anois, le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Katie i Ros na Rún) sa phríomhról, tá an seó seo ar ais!

FAOI BRÍDÍN NÍ MHAOLDOMHNAIGH

Is aisteoir, láithreoir, agus scríbhneoir í Brídín Ní Mhaoldomhnaigh as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill. Chaith sí naoi mbliana ag aisteoireacht i Ros Na Rún agus tá An Bhfuil a Fhios Agat (2021), The Queen VS Patrick O Donnell (2022) agus Díolta Faoina Luach (2023) ina measc ar na creidiúintí léirithe a rinne sí le déanaí. Chaith sí a hóige ag taibhiú go háitiúil le hAisteoirí Ghaoth Dobhair sular tháinig sí go OÉG agus bhain sí céim amach san Amharclannaíocht agus Taibhléiriú leis na Dána.

FAOI MUIREANN KELLY

Is í Muireann Kelly an Stiúrthóir Ealaíne in An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Is as Maigh Eo di ó dhúchas, agus rinne sí staidéar ar an drámaíocht in Ardscoil Ríoga na hAlban, agus staidéar ar Ghaeilge na hAlban in Sabhal Mòr Ostaig in Oileán Sgitheanach na hAlban. Sular thosaigh sí sa ról leis an Taibhdhearc, rinne sí forbairt agus stiúrthóireacht ar chomh-léiriúcháin Fishamble/Amharclann Gu Leòr/Bara Caws ‘Taigh/Tŷ/Teach’ (Teach) - píosa mórscála, suíomhoiriúnaithe, trítheangach bunaithe ar an ngéarchéim tithíochta. Scríobhadh agus cuireadh an píosa i láthair i mBreatnais, i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge agus sna trí thír, agus rinneadh scannánú agus an chéad taibhiú air i bPictiúrlann Lighthouse i mBaile Átha Cliath in 2024.
Agus í ina Stiúrthóir Ealaíne agus bunaitheoir ar an gcomhlacht Albannach, Theatre Gu Leòr (2013-2023), rinne sí forbairt, coimisiúnú agus stiúrthóireacht ar shaothair as an nua i nGaeilge na hAlban agus i dteangacha mionlacha eile agus chuaigh na saothair seo ar camchuairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Roinnt oibre idir lámha ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Táimid ar an mbóthar!