Táimid ar an mbóthar!

7 Márta 2025

Siobhán Nic Fhlannchadha (Cathaoirleach an Bhoird), Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, agus Susan Folan (Rúnaí an Bhoird)

Bliain ó shin inniu, fógraíodh maoiniú inbhuanaithe don Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Thug an tAire Stáit don Ghaeltacht, Pádraig Ó Donnabháin TD, cuairt ar an Taibhdhearc ar an 7 Márta 2024 agus d’fhógair sé pacáiste infheistíochta ar fiú €5.78m é don Amharclann don tréimhse 2024-2027. Tá sé seo mar chuid den mhaoiniú a tháinig le seoladh Straitéis Ealaíon na Gaeilge ar an lá sin.

Dúirt an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach Bhord na Taibhdhearca: “Is cinneadh suntasach é seo d’amharclannaíocht na Gaeilge agus don Taibhdhearc. Is aitheantas oifigiúil é an maoiniú seo ar an meas mór atá tuillte ag amharclannaíocht na Gaeilge. Tá súil againn go dtacóidh sé le gach gairmí amharclannaíochta Gaeilge atá ag fáil an aitheantais agus an infheistíocht seo. Cuirfidh sé ar ár gcumas foireann cheannródaíoch a fhostú, go lánaimseartha, sa Taibhdhearc, chun réimse leathan amharclannaíochta ardchaighdeáin a chur i láthair don phobal.”

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Cuireann An Taibhdhearc 'Dathann Geala Amháin' i láthair

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Cúirt ag an Taibhdhearc