Cúirt ag an Taibhdhearc

10 Márta 2025

Trí imeacht den scoth a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc ar an Domhnach le Cúirt agus Cló Iar-Chonnacht

2in - Dinnseanchas – Tír Chonaill

Léamh agus comhrá ar ábhar an dinnseanchais leis na scríbhneoirí Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín as Gaeltachtaí Thír Chonaill. Is é Micheál Ó Conghaile a bheith ina fhear an tí. Cead isteach: €12/10



5in - Ar Thóir Bhríd Ní Mháille

Léamh drámatúil as amharc le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh ‘Amhrán an Bháthadh’ agus ‘Amhrán South Boston’. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht san ócáid ​​speisialta seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada. Cead isteach: €12/10



8in - Ceiliúradh ceoil agus filíochta

Tráthnóna ceoil, amhránaíochta agus filíochta ag ceiliúradh Leabhar Mór na nAmhrán agus an cnuasach Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Is é an craoltóir agus amhránaí Máirtín Tom Sheainín a bheidh mar fhear an tí. Ceol agus amhráin le Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin. Léamha le Bridie Ní Churraoin, Marcus Mac Conghail, agus Eithne Ní Ghallchobhair. Beidh ceol beo ann le Nóirín Ní Ghrádaigh, fidléir as Ráth Tó i gCo. na Mí, agus Colm Ó Dubháin, boscadóir as an Aird Mhór i gConamara.
Cead isteach: €16/14

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Táimid ar an mbóthar!

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Tonnta ag An Taibhdhearc