Back to All Events

ARIMA le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí


  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

ARIMA le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí

8ú & 9ú Meán Fómhair - An Taibhdhearc 8pm

Seó damhsa comhaimseartha le ceol beo

Is píosa damhsa corraitheach é ARIMA, cruthaithe ag Amaia Elizaran, ó thír na mBascach agus Liam Ó Maonlaí.

Píosa rince corraitheach is ea ARIMA, leis an damhsóir comhaimseartha Bascach, Amaia Elizaran agus an ceoltóir aitheanta Liam Ó Maonlaí. Déanann ARIMA íomhánna cumhachtacha agus míreanna fuinniúla a chur i gcodarsnacht le sleachta mín, lán le suaimhneas.  Fréamhaithe sa dTobchumadóireacht, fiosraíonn ARIMA an aistear a bhaineann leis an rud neamhchríochnaithe. 

Cruthaíonn an Chláirseach, an fheadóg ghloine, deartha go speisialta don phíosa, an guth daonna agus an pianó atmaisféar a thabharfaidh an lucht féachana ar thuras chroíúil.

Thosaigh Amaia Elizaran agus Liam Ó Maonlaí ag obair le chéile in 2020 nuair a tháinig siad le chéile ar thionscadal a coimisiúnaíodh do Ghaillimh 2020. Tháinig siad ar bhealach speisialta chun an caidreamh idir an ceol agus an damhsa a neartú. In 2021 d’oibrigh siad ar feadh dhá mhí chun ARIMA a fhorbairt.


Nótaí na hImeachta:

Doirse: 7.30pm

Seó: 8pm

Ticéid: €12 / €15


Previous
Previous
21 July

The High Seas le Dermot Mulholland

Next
Next
9 September

Ceardlann Damhsa agus Ceoil le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí