Back to All Events

Ceardlann Damhsa agus Ceoil le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Ceardlann Damhsa agus Ceoil le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí

Satharn 9ú Meán Fómhair - An Taibhdhearc 11am-1pm

i gcomhpháirt le Meitheal Dhamhsa na Gaillimhe

Tá ríméad ar an Taibhdhearc a bheith i gcomhpháirtíocht le Meitheal Dhamhsa na Gaillimhe chun ceardlann damhsa agus ceoil a chur i láthair leis an amhránaí ar an sean-nós Liam Ó Maonlaí agus damhsóir Amaia Elizaran. Díreoidh an cheardlann seo ar ghluaiseachtaí agus fuaimeanna i dteannta le ceoil bheo ó Liam Ó Maonlaí. Fáiltítear gach leibhéal taithí, níl ort ach a bheith compordach ag gluaiseacht.

Thosaigh Amaia Elizaran agus Liam Ó Maonlaí ag obair lena chéile i 2020, nuair a chas siad lena chéile ar an togra ÓRÓ mar chuid de Gaillimh 2020. Tháinig siad ar bhealach speisialta chun an caidreamh idir an ceol agus an damhsa a neartú.

Beidh an ceol agus an damhsa fite fuaite sa gceardlann seo, ag lúbadh agus an oscailt na teorann idir an dá chleachtas, chun caidreamh úr a bhunú idir an dá rud.

Tá ard scileanna agus cáilíochta Ióga ag Amaia, a neartaíonn a cleachtas féin. Tá bunús cultúrtha ag ceol Liam agus cuireann sé béim ar chumhacht an cheoil i measc an phobail. Mar sin, bíonn chuile cheardlann difriúil.


Nótaí na hImeachta:

Thuas staighre, doshroichte

Ceardlann: 11am - 1pm

Ticéid: €10 / €12


Previous
Previous
8 September

ARIMA le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí

Next
Next
15 September

Big Maggie le Cumann Drámaíochta Chois Fharraige