Amhráin Fhiána

Amhráin nuachumtha i nGaeilge chomh maith le nuachóirithe de mhóramhráin ar an sean nós. Léiriú uair a chloig le Emer O’Flaherty (pianó, fliúit, consairtín agus amhránaí) agus (pianó, bosca ceoil agus amhránaí). Oiriúnach don gclann ar fad agus gach leibhéal Gaeilge idir fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchasacha.

Caifé na Taibhdheirce

5.30pm - 6.30pm

Emer O'Flaherty

Is cumadóir ceoil, amhrán agus ceoltóir iluirlise (pianó, fliúit, feadóg agus consairtín) í Emer.

Bhuaigh a amhrán 'Taibhse' an Comórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach d’amhráin nua-chumtha, agus tá duaiseanna amhránaíochta an Oireachtais thar na mblianta buaite aici chomh maith. 

Scríobh sé bailiúchán filíochta 'Teach-House' agus scór ceoil mar thionlacan leis, agus é léirithe i músaeim agus leabharlanna éagsúla. 

Chum sí ceol agus scéalta bunaithe ar mhiotaseolaíocht na Gréige don léiriú 'Réaltbhuíonta – Constellations' , é ar stáitse den chéad uair, an 21 Nollaig, 2024. 

Ag deireadh mhí Eanair na bliana seo bhí sí le feiceáil ag Celtic Connections i nGlaschú.

Emer O'Flaherty - Íomhá: Jason Clarke

Philip Fogarty

Is cumadóir ceoil, taibheoir agus ealaíontóir fuaime é Philip Fogarty. Chuaigh sé ar chamchuairteanna le roinnt ensemble ceoil in Éirinn agus thar lear. Tá fréamhacha aige i seánraí ceoil lena n-áirítear ceol traidisiúnta, rac, ceol leictreonach agus nua-aimseartha.

Is breá leis gach cineál léiriú ó cheolchoirmeacha beo go léirithe idirghníomhacha agus ilmheánacha ina bhfuil an lucht féachana páirteach. Seineann Philip an bosca ceoil, an pianó agus is amhránaí é.

Philip Fogarty - Íomhá: Tommy Walsh