Taibhsín:
Ó Bhrionglóid go Beo
Ar Oíche Chultúir 2026, d’oscail An Taibhdhearc a doirse agus chuir sí fáilte roimh dhaoine isteach san amharclann chun blaiseadh a fháil de shaothar ealaíontóirí na Taibhsín , le ceiliúradh ar bhliain a chaith siad ag brionglóidí, ag scríobh agus ag déanamh in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.
Thug an ócáid saor in aisce léargas don lucht féachana ar shaothair atá ar siúl ag cuid de na healaíontóirí a fhaigheann tacaíocht tríd an Taibhsín, clár forbartha na Taibhdhearca d’ealaíontóirí atá ag obair go gairmiúil sa teanga Gaeilge.
Bogadh scéalta nua ó leathanach go ardán don chéad uair le saothair idir lámha ó Ciara Ní É, Louisa Ní Éideáin agus Seán Mac Dhonnagáin, in éineacht le píosa nua cainte as Gaeilge, Litir do Mhacasamhail , le Ola Majekodunmi.
Arna stiúradh ag Em Ó Ceallaigh le foireann Diarmuid de Faoite, Lorraine de Staic, Caoimhghín Ó hEodhasa, Ann Marie Horan, agus Kevin Johnston Taibhsín: Thug Ó Bhrionglóid go Beo deis don lucht éisteachta teacht ar na saothair seo ag tráth ríthábhachtach - agus iad ag déanamh na céime ó fhorbairt go léiriú. Bhí fáilte roimh an lucht éisteachta freastal ar an oíche ar fad nó le haghaidh léirithe aonair.
Bloc A (19:30 - 20:30)
Caillte le Louisa Ní Éidean
Litir do Macasamhail le Ola Majekodunmi
ROSC le Ciara Ní É
Bloc B (20:45 - 22:15)
Pthia le Seán Mac Dhonnagáin
Théis an seó - DJ Ferdilicious
Imeacht: Taibhsín: Ó Bhrionglóid go Beo
Dáta: Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2026
Am: 7.30pm, le ceol sa chaifé le Emer O'Flaherty agus Philip Fogarty ó 5.30pm
Litir do Mhacasamhail
Imeacht: Mála Analóige
Dáta: Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2026
Am: 10am & 11am
Is ceannaire pobail í Áine-Móna (á léiriú ag Clíodhna Noonan), agus bíonn ceardlanna á reáchtáil aici ina gairdín beag chun faoiseamh a fháil ón uaigneas. Inniu, taispeánfaidh sí dúinn conas málaí analóige a dhéanamh, le gníomhaíochtaí nach n-úsáideann gléas ná ionchur digiteach ar bith! Beir do pháiste leat agus bainigí sult as an gcruthaitheacht, na botúin agus an gcomhrá agus muid ag forbairt nasc daonna le chéile, trí chomhluadar agus trí chaint.
Bhí an cheardlann ar siúl i scoileanna áitiúla agus is nóiméad taighde é do dhráma atá le teacht, M'Iníon sa Ghairdín, a scrúdaíonn cuimhní cinn óige agus an nóiméad a mbímid inár seantuismitheoirí sa domhan nua-aimseartha.
Oiriúnach do ghrúpaí tuismitheoirí agus leanaí óga idirghlúine agus do naíonraí le grúpaí ECCE ( 0-6 bliana d'aois ).
Seisiún 30 - 40 nóiméad. Ábhair san áireamh.
Imeacht: Amhráin Fhiáine
Dáta: Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2026
Am: 5.30pm - 6.30pm
Ar Oíche Chultúir, bhain an lucht féachana taitneamh as amhráin nua-chumtha i nGaeilge chomh maith le socruithe nua-aimseartha d’amhráin iontacha i stíl an sean-nóis. Taibhiú uair an chloig le Emer O’Flaherty agus Philip Fogarty.