Cuireann An Taibhdhearc agus
The Performance Corporation
i láthair
Tír an Traonaigh
Léiriúchán nua suíomh-shonrach i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Téann beirt deirfiúracha ar thuras gan chiall chun achrann faoi thalamh, an dúlra agus éan beag torannach a réiteach.
Ar aghaidh leat ar bhord an bhus chun turas amharclainne nach ndéanfaidh tú dearmad choíche air a dhéanamh trí thírdhreach iontach Thuaisceart Mhaigh Eo, áit ina dtugtar an teaghlach, an bhithéagsúlacht agus todhchaí na Gaeilge le chéile.
Agus an lucht féachana ag taisteal trí Ghaeltacht Mhaigh Eo, nochtfaidh scéal na ndeirfiúracha Annie agus Deirbhle, a bhíonn in adharca a chéile. Ag croílár na coimhlinte tá an traonach, éan beag cúthail a mbíonn macalla a ghlao shainiúil le cloisteáil ar fud an Mhuirthead gach samhradh agus é ar ais ó imirce ón Afraic.
Tá saintréithe uile shaothar ceannródaíoch The Performance Corporation ag Tír an Traonaigh – seó eachtrúil ina measctar an amharclannaíocht, an ceol, an damhsa agus íomhánna dochreidte chun eispéireas spraíúil, fuinniúil a bhfuil ábhar machnaimh ann a chruthú.
Ba é Tom Swift a scríobh an léiriú nua Gaeilge seo, ba é Jo Mangan a stiúir é, agus ba í An Taidhbhearc a choimisiúnaigh é. Déantar iniúchadh ann ar theaghlach, áit, cuimhne agus an chothromaíocht íogair idir an traidisiún, an nádúr agus an t-athrú.
ROCHTAIN & EOLAS PRAITICIÚIL
Is léiriú taistil, suíomhoiriúnaithe é Tír an Traonaigh atá ar siúl ar bhus, chomh maith le láithreacha ar leith timpeall Bhéal an Mhuirthead. Le linn an léirithe, tuirlingeoidh an lucht féachana den bhus in áiteanna éagsúla, sula dtéann siad ar bord arís.
-
Tosaíonn agus críochnaíonn an léiriú ag Eaglais na hÉireann, Béal an Mhuirthead. Molaimid a bheith ansin thart ar 15 nóiméad roimh an am taibhithe.
Mar gheall go dtaistealaíonn an léiriú ar bhus, ní féidir páirt a ghlacadh sa léiriú nuair a bheidh an bus imithe.
-
Tá páirceáil ar fáil ag Áras Inis Gluaire , thart ar 2 nóiméad siúil ón bpointe tosaigh.
-
Ar an drochuair, ní fheileann an léiriú seo do dhaoine a úsáideann cathaoireacha rothaí.
Tá céimeanna le dreapadh ar an mbealach isteach chuig an eaglais. Chun dul isteach chuig an gcúirt liathróid láimhe, tá rogha agat idir staighre a dhreapadh, nó cromadh/a bheith ag lámhachán faoi bhealach isteach íseal.
Tá roinnt suíomhanna lasmuigh ina bhfuil talamh míchothrom, le thart ar 50 méadar ar fheirm, agus siúl gearr ón mbus go dtí an cúirt liathróid láimhe (thart ar 5 nóiméad).
Beidh an lucht féachana ag dul ar an mbus agus ag teacht amach as ag roinnt pointí le linn an léirithe.
-
Gléas go cuí le haghaidh gach uile aimsire agus caith coisbheart compordach agus oiriúnach.
-
Tá téamaí an bháis agus coimhlint teaghlaigh sa léiriú seo, agus d'fhéadfadh soilse a bheith ag splancadh.
-
Is seó lán-Ghaeilge é seo. Beidh rochtain teanga ar fáil as Béarla.
FOIREANN CHRUTHAITHEACH
Arna tháirgeadh ag
An Taibhdhearc × The Performance Corporation
Scríofa ag
Tom Swift
Stiúrtha ag
Jo Mangan
Cliar
Maeve McGrath
Caitríona Ní Mhurchú
Caoimhe Wandrel - Brannigan
Stephanie Dufresne
Seamus Moran
Angela Healy
Foireann Chruthaitheach / Foireann Chruthaitheach
Tom Swift – Scríbhneoir
Jo Mangan – Stiúrthóir
Caoimhe Wandel-Brannigan – Cóiréagrafaí & Stiúrthóir Gluaiseachta
Daragh Dukes – Cumadóir & Dearthóir Fuaime
Jane Cassidy – Dearthóir Físe
Marie Hegarty – Dearthóir Soilsithe
Sinéad Lawlor – Dearthóir Seit
Clíodhna Hallissey – Dearthóir Feisteas
Fionnuala Conway – Ealaíontóir Digiteach
Pamela McQueen – Comhairleoir Amharclainne
Seoirsen Bashford – Aistritheoir & Treoraí Gaeilge
Tá an Taibhdhearc maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht , le tacaíocht bhreise ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Rethink Ireland .
Tá The Performance Corporation maoinithe ag Comhairle Ealaíon na hÉireann agus tacaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Fuair Tír an Traonaigh tacaíocht bhreise ó Ealaín na Gaeltachta agus Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla .