Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair ag léiriú na Nollag den dráma An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc

10 Nollaig 2025

Uachtarán na hÉireann ag ‘An Fathach Leithleasach’, Seó Nollag na Taibhdheirce 2025

Is mór an onóir don Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, a fhógairt go raibh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair ag oíche oscailte a léirithe Nollag, An Fathach Leithleasach, ar an Aoine 5 Nollaig. Léirigh an tUachtarán, ar Gaillmheach bródúil í, a cuid tacaíochta d'obair na Taibhdheirce, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. In aimsir seo na Nollag, léireoidh an compántas aistriúchán Gaeilge ar scéal Oscar Wilde, a bhfuil buaine ag baint leis. Is léir ón gcuairt seo tiomantas an Uachtaráin don Taibhdhearc, don Ghaeilge, agus do thacú le sainchomharthaí cultúrtha áitiúla ina contae dúchais.

Is cóiriú ar ghearrscéal 'The Selfish Giant' le Oscar Wilde atá sa léiriú seo, a stiúraigh Muireann Kelly agus a bheidh ar siúl go dtí an 19 Nollaig 2025. Beidh lucht féachana idir óg agus aosta faoi dhraíocht ag domhan lán d’ainmhithe, plandaí agus crainn draíochta, áit a mbíonn leanaí, fathach gruama agus sióg dhiabhalta ag canadh agus ag damhsa i ngairdín neamhshaolta. Is scéal é An Fathach Leithleasach atá bunaithe ar an gcomhroinnt agus ar aire a thabhairt dár dtimpeallacht a bhíonn ag síorathrú. De réir mar a bhogtar ón ngeimhreadh go dtí an t-earrach, meabhraítear dúinn gur féidir leis an gcineáltas agus le nasc leis an domhan agus lena chéile an gairdín is fuaire fiú a bhláthú arís.

Is í an stiúrthóir Muireann Kelly, a bhfuil neart duaiseanna buaite aici, a stiúraigh an léiriú nua bríomhar seo agus tá foireann chruthaitheach uaillmhianach ann. Beidh ceol beo le cloisteáil ón gcumadóir agus dearthóir fuaime Denis Clohessy (Amharclann na Mainistreach), soilsiú iontach leis an dearthóir Sarah Jane Shields (Anu/Brokentalkers), seit draíochta le Saoirse O'Shea agus feistis le Cliodhna Hallisey (Druid), agus aistriúchán nua Gaeilge le Brídín Nic Dhonncha. Beidh amhránaíocht bheo le cloisteáil sa seó ó fhoireann thar a bheith cumasach, agus is iad  Eoin Ó Dubhghaill agus Orlaithe Ní Chearra a bheidh ag insint an scéil. In éineacht le Inga De Burca, Séamus Hughes agus Molly Mew tá foireann de pháistí óga cumasacha áitiúla a chuireann le sceitimíní agus le draíocht gach taibhithe.

Tháinig inspioráid an tseite, na bhfeisteas agus dearadh smididh sa léiriú seo ón tréimhse ar bunaíodh An Taibhdhearc in 1928 agus níos luaithe fós. Thug na cuirtíní a phéinteáil Mícheál Mac Liammóir, atá fós ar crochadh ar gach taobh den stáitse, an-inspioráid chomh maith le léaráidí Mac Liammóir féin le haghaidh leabhar do pháistí. Ba iad na nithe sin pointe tosaigh an dearaidh. Sa léiriú seo tugaimid ómós freisin do thréimhse Art Deco agus stíl shainiúil Aubrey Beardsley, an maisitheoir a bhfuil cáil air as a chomhoibriú le Oscar Wilde agus spreag na línte troma a d’úsáideadh sé cuma an phóstaeir, an tseit agus na sonraí amhairc ar fud an léiriúcháin.

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne, An Taibhdhearc: "Is mór an onóir dúinn gur roghnaigh an tUachtarán Catherine Connolly freastal ar an léiriú Nollag den Fhathach Leithleasach. Tá Amharclann Náisiúnta na Gaeilge tiomanta do chlár uaillmhianach oibre i nGaeilge a chur ar fáil in 2025 agus rochtain iomlán ag gach duine a dteastaíonn tacaíocht uathu lena gcuid Gaeilge air. Is é An Fathach Leithleasach an léiriú deireanach a bheidh le déanamh ag an bhfoireann nua sa Taibhdhearc, a raibh bliain an-ghnóthach acu. Táimid bródúil as an deis an píosa amharclannaíochta seo a chur i láthair cainteoirí óga Gaeilge agus go bhfuil cainteoirí óga páirteach ann, agus tá lúcháir orainn tacaíocht an Uachtaráin a fháil san uaillmhian seo. Bhí an-áthas orainn an scéal álainn croíúil seo a roinnt léi agus lenár lucht féachana go léir séasúr seo na Nollag."

Inrochtaineacht:
Bhí léirithe comhtháite Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ar fáil ag an seó 7i.n. ar an 6ú agus ag an léiriú iarnóna 3i.n. ar an 7ú. Beidh léiriú suaimhneach ar siúl ar an 14 Nollaig chomh maith.

Tá rochtain ar an mBéarla ar fáil trí Sibrwd, aip rochtana teanga a d'fhorbair Theatr Cymru. Is féidir le lucht féachana an aip a íoslódáil ar an bhfón chun fotheidil dúnta a fháil i mBéarla agus i nGaeilge. Dearadh an aip chun clár atá éasca a leanúint a chur ar fáil, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.

Nótaí don Eagarthóir:

Ticéid ar fáil anseo
Póstaer ardtaifigh ar fáil anseo
Is féidir agallaimh leis an stiúrthóir agus leis na haisteoirí a shocrú.

Previous
Previous

Immram le Neil Ó Lochlainn

Next
Next

Scil - Sraith Ceardlann sa Taibhdhearc