Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama: Céiliúradh ar Shaothar Bhiddy Jenkinson

Cuirfear fáilte roimh chách freastal ar an ócáid 'Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama: Céiliúradh ar Shaothar Bhiddy Jenkinson', a bheas ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an 23ú Deireadh Fómhair.

Tá an ócáid bhreá seo á reáchtáil in ómós do Bhiddy Jenkinson, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge.

Beidh scoláirí agus scríbhneoirí na Gaeilge i láthair chun saothar speisialta Bhiddy a chéiliúradh agus a phlé. Bígí linn!

 

Beidh cainteanna agus comhráití ann le mórscoláirí ár linne faoi shaothar Jenkinson agus táimid ag súil leis an lá mhór.

Cuirfear tús leis an ócáid ag 10.00rn.

Críochnóidh príomh-imeachtaí an lae ag a 4.00in ach beidh léamh filíochta/siamsaíochta ar siúl ina dhiaidh sin chun clabhsúr a chur leis an lá.