Cast - An Fathach Leithleasach
Oscar - Eoin Ó Dubhghaill
Is aisteoir agus drámadóir é Eoin, ó Indreabhán i gcontae na Gaillimhe. Ina ghairm go dtí seo, tá forbairt déanta aige ar thograí i nGaeilge le comhlachtaí éagsúla, ina measc Fishamble, Branar, Brú agus Graffiti. Tá neart oibre déanta aige leis an Taibhdhearc thar na mblianta, ag obair ar na Geamaireachtaí ‘Áille agus Allta agus Tóraíocht an Yummy Mummy’ agus páirteanna i ndrámaí ar nós ‘Amhrán an Bhonnán Bhuí’ agus ‘An Triail’. Tá sé ar bís a bheith ag obair sa Taibhdhearc arís ar an ndráma An Fathach Leithleasach.
Eoin is an actor and playwright, from Indreabhán in County Galway. In his career to date, he has developed projects in Irish with various companies, including Fishamble, Branar, Brú and Graffiti. He has done a lot of work with An Taibhdhearc over the years, working on the plays 'Áille agus Allta agus Tóraíocht an Yummy Mummy' and parts in plays such as 'Amhrán an Bhonnán Bhuí' and 'An Triail'. He is excited to be working with An Taibhdhearc again on the play An Fathach Leithleasach.
Áine/Sioc - Inga De Búrca
Is taibheoir Éireannach agus céimí de chuid Acadamh Ealaíon Amharclannaíochta Mountview í Inga de Búrca. Tá sí an-tugtha do shaothar a thugann le chéile an ceol agus an scéalaíocht, go háirithe píosaí nua a thugann léargas ar an nGaeilge agus ar an mbéaloideas. Is múinteoir taibhealaíon í Inga freisin agus tá suim mhór aici i ndaoine óga a mhealladh i dtreo na hamharclannaíochta agus sa tábhacht a bhaineann le hoideachas ealaíon do pháistí. I measc an tsaothair stáitse a luaitear lena hainm tá: Sea Fairy i dTír na nÓg, Jane Fairfax sa chéad taibhiú i Londain de Emma: No One But Herself, Pamela in Head Over Heels, Wednesday in The Addams Family agus Nikki in Sweet Charity.
Inga de Búrca is an Irish performer and a graduate of Mountview Academy of Theatre Arts. She is passionate about work that blends music and storytelling, particularly new pieces that platform Irish language and folklore. Inga is also a performing arts teacher and has a strong interest in young people’s access to theatre and the importance of arts education for children. Stage credits include: Sea Fairy in Tír na nÓg, Jane Fairfax in the London premiere of Emma: No One But Herself, Pamela in Head Over Heels, Wednesday in The Addams Family and Nikki in Sweet Charity
An Fathach Leithleasach - Séamus Hughes
I measc a thaithí scáileán tá na rólanna; Rúairí ar ‘Jimmy’s Hall’ (Element), mar 'Petey McDonagh' ar 'An Klondike', 'Mike' i ‘Making It', 'Gabriel' ar 'Lost and Found', Trev i ‘Rásaí na Gaillimhe’, Tonto ar ‘Anton’, Tony Baloney ar ‘Fear an Phoist’, chomh maith le ‘Jack Taylor’, ‘Showbands, ‘Deception’ agus ‘Ros Na Rún’, Mar chuid dá taithí stáitsé d’oibrigh sé le; Passion Machine ar ‘P’ (Paul Mercier), Druid Theatre Co. ‘The Cherry Orchard’, Town Hall Theatre, An Gríanán Theatre, ‘Salomé’, Moonfish, Brink Theatre Co., Theatre 503 London ‘For Whom the Bell Tolls’ agus ‘Rogue’, An Taibhdhearc (An Fear a Phléasc, Blian an tSúlóra, Lá Fhéilé Mhíchíl srl.), Cumann Theatre Co., Aisling Ghéar agus eile. Bhunaigh sé Lunchtime Theatre London (Arts Theatre, West End), agus is iar-stiúrthóir ealaíne don Taibhdhearc é. Scríobh sé na drámaí; ‘Zorro – Forgotten Son of Ireland’, ‘The Catcher’, ‘The Pride of Kilnamona’ agus roinnt geamaireachtaí i nGaeilge.
His screen experience includes the roles of; Rúairí on ‘Jimmy’s Hall’ (Element), as ‘Petey McDonagh’ on ‘An Klondike’, ‘Mike’ in ‘Making It’, ‘Gabriel’ on ‘Lost and Found’, Trev in ‘Rásaí na Galway’, Tonto on ‘Anton’, Tony Baloney on ‘Fear an Phoist’, as well as ‘Jack Taylor’, ‘Showbands’, ‘Deception’ and ‘Ros Na Rún’, As part of his stage experience he has worked with; Passion Machine on ‘P’ (Paul Mercier), Druid Theatre Co. ‘The Cherry Orchard’, Town Hall Theatre, An Gríanán Theatre, ‘Salomé’, Moonfish, Brink Theatre Co., Theatre 503 London ‘For Whom the Bell Tolls’ and ‘Rogue’, An Taibhdhearc (An Fear a Phléasc, Blian an tSúlóra, Lá Féilé Míchíl etc.), Cumann Theatre Co., Aisling Ghéar and others. He founded Lunchtime Theatre London (Arts Theatre, West End), and is a former artistic director of An Taibhdhearc. He has written the plays; ‘Zorro – Forgotten Son of Ireland’, ‘The Catcher’, ‘The Pride of Kilnamona’ and several pantomimes in Irish.
Méabh/Sneachta - Molly Mew
Is aisteoir, scríbhneoir agus amhránaí í Molly Mew, as Ros Comáin. Chríochnaigh sí a cuid oideachais aisteoireachta in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus tá sí faoi ionadaíocht ag Lisa Richards Agency. I measc a taithí stáitse tá Rossum’s Universal Robots sa Peacock Theatre le Caitríona McLaughlin, Dragon i bhFéile Drámaíocht na Gaillimhe le Fizz & Chips Productions, Seift san Ionad Ealaíon Riverbank le Graham Butler Breen, agus Fionn agus Clochán an Aifir sa Taibhdhearc le Séamus Hughes. I measc a taithí scannáin tá ról Brenda in Ann le Ciarán Creagh, agus Sinéad in Faitíos le Martha Fitzgerald. Beidh a dráma féin á léiriú aici ag Féile Scene & Heard an bhliain seo chugainn, le sonraí le fogairt i mí Eanáir. Nuair nach bhfuil sí ag aisteoireacht, bíonn sí ag canadh lena deartháir Ruadhán Mew ina mbanna County Champs, ag seinm in ionaid eagsula ar fud na tíre.
Molly Mew is an actress, writer and singer from Roscommon. She completed her acting education at the Dublin University of Technology, and is represented by the Lisa Richards Agency. Her stage experience includes Rossum’s Universal Robots at the Peacock Theatre with Caitríona McLaughlin, Dragon at the Galway Theatre Festival with Fizz & Chips Productions, Seift at the Riverbank Arts Centre with Graham Butler Breen, and Fionn agus Clochán an Aifir at An Taibhdhearc with Séamus Hughes. Her film experience includes the role of Brenda in Ann by Ciarán Creagh, and Sinéad in Faitíos by Martha Fitzgerald. She will be performing her own play at the Scene & Heard Festival next year, with details to be announced in January. When not acting, she sings with her brother Ruadhán Mew in their band County Champs, playing various venues around the country.
Síóg/An Ghaoth Aduaidh - Orlaith Ní Chearra
Is aisteoir agus damhsóir í Orlaith Ní Chearra a bhíonn ag obair ar an stáitse agus ar an scáileán. Tá lúcháir uirthi a bheith ar ais sa Taibhdhearc tar éis páirt a ghlacadh sna seónna Toraíocht an Yummy Mummy, Jingle Bang Jangle, Amhráin an Bhonnáin Buí agus camchuairt náisiunta An Triail le Fíbín. Bhain Orlaith gradam "Breaking Ground Artist" amach in 2023 - 2024 le Baboró, ag cruthú obair nua le páistí. Roghnaíodh Orlaith mar dhuine d'ealaíontóirí "Axis as Gaeilge 2024” agus í ag cruthú saothar nua as Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin, bhí sí ina comhstiúrthóir ar an gcomharghrúpa cruthaitheach Fizz & Chips agus luaitear a hainm leis an ngearrscannán Gaeilge teacht in aois, "Faitíos," (2021), a roghnaíodh le haghaidh Galway Film Fleadh agus a bhuaigh gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr sa chatagóir gearrscannán. Bhí baint aici leis an seó ildisciplíneach "Juno and The Jetpacks" (2023) freisin a chuaigh ar camchuairt chuig San Diego International Fringe Festival agus a bhuaigh an Gradam don Seó Aonair is Fearr.
Orlaith Ní Chearra is an actor and dance artist working across stage and screen. She is delighted to be back at an Taibhdhearc having previously performed in the shows Toraíocht an Yummy Mummy, Jingle Bang Jangle, Amhráin an Bhonnáin Buí agus camchuairt náisiunta An Triail le Fíbín. Orlaith was a 2023 - 2024 “Breaking Ground Artist” le Baboró ag cruthú obair nua le páistí. Orlaith was chosen as one of the 2024 “Axis as Gaeilge” artists making new work as Gaeilge i mBaile Átha Cliath. She is also co-director of the award winning creative collective Fizz & Chips with credits of note included “Faitíos,” (2021) an Irish language coming of age short film, selected for Galway Film Fleadh, where it won the award for Best Cinematography in the short film category and the Multidisciplinary show “Juno and The Jetpacks” (2023) that toured to the San Diego International Fringe Festival where it won the Best Solo Show Award.