Beckett sa Chreig: Guth na mBan ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath

23 Iúil 2025

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh 'Beckett sa Chreig: Guth na mBan' sa Chiúb, Ionad Ealaíon an Tionscadail, mar chuid de Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2025 , ón 1 - 5 Deireadh Fómhair, i ndiaidh a chéadtaibhithe ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Is eispéireas amhairc thar a bheith mealltach an saothar, a insítear trí ghlórtha na mban i Footfalls · Not I · Rockaby · le Beckett agus léamh Fizzle 4 - suite i gcoinne thírdhreach fiáin agus fhisiciúil chósta thiar na hÉireann agus ailtireacht choilíneach briste, taibhseach Bhaile Átha Cliath.

Fíonn Compántas SJ téacs, an corp, píosaí scannáin uathúla, agus ceol beo le chéile chun caidrimh agus tráma a iniúchadh mar a mhúnlaigh an stair iad agus mar a léirítear iad tríd an teaghlach.

Beidh ticéid ar fáil ón 31 Iúil.

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Titim na hOíche - Oíche Chultúir sa Taibhdhearc

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Gairm ar Ealaíontóirí: Cónaitheacht ‘Taibhsín’ agus Deiseanna Sparánachta Síl ag An Taibhdhearc