Cuireann An Taibhdhearc 'An Fathach Leithleasach' i láthair

5 Samhain 2025

Póstaer An Fathach Leithleach

Oiriúnú ar an ngearrscéal 'The Selfish Giant' le Oscar Wilde

Stiúrtha ag Muireann Kelly

2 - 19 Nollaig 2025

An Taibhdhearc, 19 An tSráid Mheánach, Gaillimh

Cuireann An Taibhdhearc An Fathach Leithleasach , i láthair ón 2–19 Nollaig.

Is scéal draíochta é seo faoi Fhathach cantalach leithleasach a ruaigeann páistí óna ghairdín álainn, agus ina gcastar a shaol bun os cionn - an osclóidh an fathach cantalach a chroí agus a ghairdín a roinnt riamh arís?

Bunaíodh an scéal ar The Selfish Giant le Oscar Wilde agus beidh lucht féachana idir óg agus aosta faoi dhraíocht ag domhan lán d’ainmhithe, plandaí agus crainn draíochta, áit a mbíonn gasúir, fathach cantalach agus sióg dhiabhalta ag canadh agus ag damhsa sa ghairdín neamhshaolta sin. 

Ag croílár an scéil, is scéal é An Fathach Leithleasach faoi chomhroinnt agus faoi aire a thabhairt dár ndomhan atá ag athrú i gcónaí. De réir mar a athraíonn an domhan ón ngeimhreadh go dtí an t-earrach, meabhraítear dúinn gur féidir le cineáltas agus nasc fiú an gairdín is fuaire a bhláthú arís.

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne An Taibhdhearc:

“Tá rud éigin draíochtúil agus gan teorainn ama faoin scéal seo - i gcroílár an scéil seo, is scéal é faoi fhoghlaim conas a roinnt agus faoi thábhacht aire a thabhairt dár ndomhan agus do na daoine mórthimpeall orainn. Tá domhan draíochtúil cruthaithe againn inar féidir le lucht féachana, óg agus aosta, dul isteach i ngairdín an fhathaigh agus na hathruithe atá ag tarlú timpeall orthu a mhothú.”

Tá an léiriú nua bríomhar seo á stiúradh ag an stiúrthóir gradam-bhuaiteach Muireann Kelly agus tá foireann chruthaitheach uaillmhianach ann. Le ceol beo ón gcumadóir agus dearthóir fuaime gradam-bhuaiteach Denis Clohessy (Amharclann na Mainistreach), soilsiú iontach ón dearthóir Sarah Jane Shields (Anu/Brokentalkers), agus tacar draíochtúil ó Saoirse O'Shea agus cultacha ó Cliodhna Hallisey (Druid) agus aistriúchán nua Gaeilge ó Brídín Ní Dhonnchadha. 

Beidh amhránaíocht bheo ó fhoireann thar a bheith cumasach sa seó, á hinsint ag Eoin Ó Dubhghaill agus Orlaith Ní Chearra, Inga De Búrca, Séamus Hughes agus Molly Mew, i gcuideachta foireann páistí óga, cumasacha áitiúla a thugann sceitimíní agus draíocht do gach léiriú. 

Beidh léirithe comhtháite comharthaíochta (ISL) ar fáil ag an seó 7pm ar an 6ú agus ag 3pm ar an 7ú. 

Beidh léiriú suaimhneach ann freisin ar an 14 Nollaig, agus rochtain i mBéarla trí Sibrwd , an aip rochtana teanga arna forbairt ag Theatr Cymru. Is féidir lenár lucht féachana an aip a íoslódáil chuig a bhfóin chun fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge a fháil. Tá an aip deartha chun an seó a dhéanamh éasca le leanúint, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat. 

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Scil - Sraith Ceardlainne sa Taibhdhearc

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

An Taibhdhearc ag an Oireachtas