Taibhiú domhanda Staidéir ar an gCailleach le Doireann Ní Ghlacáin ag An Taibhdhearc
5 Meán Fómhair 2025
Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh An Taibhdhearc ag óstáil an chéad taibhiú domhanda de ‘Staidéar ar an gCailleach’, seó aonair as Gaeilge le Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir, amhránaí agus craoltóir aitheanta.
Turas chun bualadh leis an gCailleach ag an am teorann seo den bhliain, áit a bhfuil an brat tanaí idir an t-am atá thart agus an lá inniu, an domhan seo agus an saol eile.
Beidh an ócáid ar siúl ar an 19ú Deireadh Fómhair.