Seó Linn
Cur chuige uathúil atá ag Seó Linn chun dráma a chruthú i rith an lae amháin.
Beidh deis ag gach rang ó rang a haon go rang a sé páirt a ghlacadh i gceardlann drámaíochta - déanfaidh gach rang iniúchadh ar a radharc gearr féin. Ag deireadh an lae, tiocfaidh an scoil ar fad le chéile chun na sé radharc a roinnt, i léiriú iomlán spreagtha ag scéal finscéalach Scáthach.
Is í Scáthach an laoch Albanach cumhachtach a thraenáil Cú Chulainn. Is figiúr scanrúil í, ach sa deireadh faigheann sí amach gur féidir le ráflaí a bheith níos cumhachtaí ná airm, agus gur féidir leis an bhfírinne agus leis an misneach teacht i ngach cruth agus méid.
Eispéireas spraíúil, mear agus idirghníomhach do pháistí, deartha le hionchur agus taighde ó mhúinteoirí bunscoile a mhúineann trí Gaeilge, agus ár bhfoireann ealaíonta a bhfuil taithí acu. Cruthaíodh Seó Linn chun a bheith oiriúnach d'aois agus do rang, cuimsitheach agus tarraingteach. Maidir le haon daltaí nach bhfuil chomh compordach ag feidhmiú, beidh áit ann do gach duine páirt a ghlacadh - os comhair nó taobh thiar de na radhairc.
Is ceardlann saor in aisce í seo, atá ar fáil do gach bunscoil i gceantar na Gaillimhe.