NEILL | PÁIDÍN
AN TAIBHDHEARC X BRÚ THEATRE
FÉILE AMHARCLANNAÍOCHTA NA GAILLIMHE 2026
Cuireann An Taibhdhearc agus Brú Theatre Neill | Páidín i láthair. Spreagtha ag dhá shaothar as an mbailiúchán ceannródaíoch scéalta, Scothscéalta de chuid Phádraic Uí Chonaire, cuirtear beocht sna carachtair Neill agus Páidín Mháire trí chumasc de bhuncheol agus ensemble taibhithe.
Tugtar cuireadh don lucht féachana dul isteach i gcroí agus in intinn bheirt de na carachtair is spéisiúla de chuid Uí Chonaire i gceiliúradh ar íomhánna beoga agus teanga álainn de chuid duine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil gean orthu i nGaillimh.
Téann sé dian ar bhean bogadh ar aghaidh ó fhealladh a rinneadh uirthi san am atá thart; tá tráth a díoltais ag druidim léi.
Iascaire san áit mhícheart; nuair a bhuaileann tragóid bíonn na hiarmhairtí tubaisteach.
Tá grá, díoltas, aiféala agus cuimhne fite fuaite ina chéile sa dá phíosa nasctha seo a chuirtear ar stáitse i nGaeilge le fotheidil. Airítear leis an ensemble Raymond Keane, Caitríona Ní Mhurchú agus Eoin Ó Dubhghaill, is é James Riordan an stiúradh le scór ceol beo le hAnna Mullarkey.
Má tá aon riachtanas rochtana agat, déan teagmháil linn ag failteachas@antaibhdhearc.ie