Cuireann An Taibhdhearc ‘An Fathach Leithleasach’ i láthair
5 November 2025
Póstaer An Fathach Leithleasach
Coiriú ar scéal Oscar Wilde ‘The Selfish Giant’
Stiúrtha ag Muireann Kelly
2 - 19 Nollaig 2025
An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh
Cuireann An Taibhdhearc An Fathach Leithleasach i láthair ar siúl ó 2 - 19 Nollaig.
Is scéal draíochta é seo faoi Fhathach cantalach leithleasach a ruaigeann páistí óna ghairdín álainn, agus ina gcastar a shaol bun os cionn - an osclóidh an fathach cantalach a chroí agus a ghairdín a roinnt riamh arís?
Bunaíodh an scéal ar The Selfish Giant le Oscar Wilde agus beidh lucht féachana idir óg agus aosta faoi dhraíocht ag domhan lán d’ainmhithe, plandaí agus crainn draíochta, áit a mbíonn gasúir, fathach cantalach agus sióg dhiabhalta ag canadh agus ag damhsa sa ghairdín neamhshaolta sin.
Ag croílár an scéil, is scéal é An Fathach Leithleasach faoi chomhroinnt agus faoi aire a thabhairt dár ndomhan atá ag athrú i gcónaí. De réir mar a athraíonn an domhan ón ngeimhreadh go dtí an t-earrach, meabhraítear dúinn gur féidir le cineáltas agus nasc fiú an gairdín is fuaire a chur faoi bhláth arís.
Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce:
“Tá rud éigin draíochtúil agus buan faoin scéal seo - ag croílár an scéil seo is scéal é faoi fhoghlaim conas roinnt lena chéile agus faoin tábhacht aire a thabhairt dár ndomhan agus do na daoine mórthimpeall orainn. Tá domhan draíochtúil cruthaithe againn inar féidir le lucht féachana, idir óg agus aosta, céim a thógáil isteach i ngairdín an fhathaigh agus na hathruithe atá ag tarlú timpeall orthu a mhothú.”
Tá an léiriú nua bríomhar seo á stiúradh ag an stiúrthóir Muireann Kelly, atá gradaim buaite aici dá hobair, agus tá foireann chruthaitheach uaillmhianach ann. Le ceol beo ón gcumadóir agus dearthóir fuaime atá duaiseanna buaite aige Denis Clohessy (Amharclann na Mainistreach), soilsiú iontach ón dearthóir Sarah Jane Shields (Anu/Brokentalkers), agus seit draíochtúil ó Saoirse O’Shea agus feistis ó Cliodhna Hallisey (Druid) agus aistriúchán nua go Gaeilge le Brídín Ní Dhonnchadha.
Beidh amhránaíocht bheo le cloisteáil sa seó ó fhoireann thar a bheith cumasach, á hinsint ag Eoin Ó Dubhghaill agus Orlaithe Ní Chearra, Inga De Búrca, Micheál Ó Fearraigh agus Molly Mew, i gcuideachta foireann de pháistí óga, cumasacha, áitiúla a thugann sceitimíní agus draíocht do gach léiriú.
Beidh léirithe comhtháite comharthaíochta (TCÉ) ar fáil ag an léiriú 7i.n. ar an 6 Nollaig agus ag 3i.n. ag an matinee ar an 7 Nollaig.
Beidh léiriú suaimhneach ann freisin ar an 14 Nollaig, agus rochtain i mBéarla trí Sibrwd, an aip rochtana teanga arna forbairt ag Theatr Cymru. Is féidir lenár lucht féachana an aip a íoslódáil chuig a bhfóin chun teidil dhúnta a fháil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an aip deartha go mbeidh an léiriú éasca le leanúint, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.
An Fathach Leithleasach
2 - 19 Nollaig
An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir