Deiseanna fostaíochta uathúla in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc

Spreagann borradh ollmhór maoinithe don amharclann náisiúnta Gaeilge fostaíocht agus deiseanna d’ealaíona agus cultúr na Gaeilge.

 

D’fhógair Cathaoirleach an Taibhdhearc, Siobhán Nic Fhlannchadha go bhfuil feachtas earcaíochta á sheoladh inniu, 4 Feabhra 2026, do phost lárnach san amharclannaíocht Ghaeilge – Stiúrthóir Feidhmiúcháin An Taibhdhearc.

 

Cruthaíodh a post tar éis don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta €5.78m a leithdháileadh thar cheithre bliana ar An Taibhdhearc mar chuid den straitéis náisiúnta nua do na healaíona Gaeilge agus do an Ghaeilge sa phobal. Is é an maoiniú seo an leithdháileadh maoinithe is suntasaí atá faighte ag an amharclann le beagnach 100 bliain anuas agus tugann sé bunús láidir do straitéas An Taibhdhearc - Síolta 2025-2027.

 

Dírionn an straitéas ar spriocanna mar:

- glúin nua drámadóirí Gaeilge a fhorbairt;

- tacú le agus cur chun cinn na drámaíochta Gaeilge go náisiúnta;

- deiseanna fostaíochta agus oiliúna a chruthú do chleachtóirí ealaíon i mórán disciplíní;

- lucht féachana agus cleachtóirí de gach cineál agus cumas a mhéadú; agus

- líon na seónna camchuairte agus na gcomhlachtaí drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt chuig An Taibhdhearc a mhéadú.

 

Feictear go bhfuil earcú foirne láidir cumasach lárnach chun na spriocanna straitéiseacha a bhaint amach. Oibreoidh an té a c(h)eapfar i gcomhpháirtíocht leis an Stiúrthóir Ealaíne.

 

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: Déardaoin 19 Feabhra ag 12 meán lae.

Dáta agallaimh: Aoine 27 Feabhra

Tá sonraí iomlána faoi na poist seo le fáil anseo i nGaeilge agus anseo i mBéarla.

Is féidir ceisteanna a chur chuig siobhan@antaibhdhearc.com.

Previous
Previous

An Taibhdhearc is recruiting. Job Notice: Marketing and Engagement Manager

Next
Next

Neil Ó Lochlainn’s IMMRAM