Work-in-progress sharing at Galway Theatre Festival

2 April 2025

Chomh maith le Dathanna Geala Amháin, beidh Shauna Carrick linn ag An Taibhdhearc le linn Galway Theatre Festival le blaisín beag dá ceoldráma nua atá idir lámha aici. Tá muid ag súil go mór leis!

Is ceoldráma nua é An Ghaeltacht lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, díreach nuair a thosaíonn an t-ionradh bliantúil déagóirí. Buailimid le Saoirse, Róisín agus Aoife agus iad ag streachailt lena gcuid díritheoirí gruaige, a gcéad póga, agus teagmháil le muintir na háite - gan trácht ar an dua atá acu iad féin a chur in iúl - i dteanga ar bith!

An Ghaeltacht is a brand-new Irish musical, set in the Connemara Gaeltacht, just as the annual teenage invasion gets underway. We meet Saoirse, Róisín and Aoife as they wrestle with their hair straighteners, first kisses and encounters with the locals all whilst struggling to express themselves – in any language!

Is obair idir lámha atá sa taispeántas seo mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe/This is a work-in-progress sharing as part of the Galway Theatre Festival.

Previous
Previous

An Taibhdhearc with Company SJ present Beckett sa Chreig: Guth na mBan

Next
Next

An Taibhdhearc presents ‘Dathann Geala Amháin’