SCIL
Tá An Taibhdhearc ag tosú sraith nua ceardlanna ‘Scil’, atá dírithe ar ealaíontóirí gairmiúla agus dóibh siúd a bhfuil spéis acu i saineolas proifisiúnta chun cuir lena taithí fhéin. Ag díriú ar an aisteoireacht a bheidh na chéad ceardlainne sa sraith. Beidh na ceardlanna seo saor in aisce ach do spás a chuir in áirithe leis An Taibhdhearc.
Séard atá i gceist le scil ná healaíontóirí ag roinnt saineolas speisialta le healaíontóirí eile agus dóibh siúd a mbeadh an uaillmhian acu an léirmheas a dhéanamh isteach sa domhan gairmiúlachta.
‘Sé an t-aisteoir/stiúrthóir Séamus Hughes a bhfuil ag tabhairt faoi ‘Scil’ don Taibhdhearc chun an clár seo a chuir le chéile.
Is éachtóir, aisteoir, stiúrthóir troda agus teagascóir chomhrac stáitse é Ciaran. Bhí sé i roinnt cláracha agus scannáin éagsúla - "Game of Thrones",
"Vikings", "Cocaine Bear", "Dungeons & Dragons: Honour Among Thieves", "Penny Dreadful", agus "Mayfair Witches" san áireamh.
Múineann sé comhrac stáitse ag an Lir Academy agus ag an Gaeity School of Acting mar chuid dá gcláir lánaimseartha, agus bíonn sé go minic ag obair mar stiúrthóir troda le comhlachtaí léiriúcháin ar fud na tíre, Druid, Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, Dead Centre, Rough Magic, Fishamble, agus Irish National Opera san áireamh.
Ceardlainn eile atá déanta:
Ag cur tús le ‘Scil’ bhí an t-aisteoir is scríbhneoir clúiteach ar stáitse agus scáileán, Niall Mac Eachmharcaigh (a mbeadh aithne ag cuid is mó daoine air mar John Joe ar Ros na Rún) ag léiriú na difríochtaí is dúshláin a bhaineann le stíleanna aisteoireachta idir stáitse, ar shobal chlár agus drámaíocht scannán.
Ceardlainne ‘Scil’ atá le teacht:
Comhraic Stáitse
Castáil San Earnáil
Gluaiseacht is Damhsa
An tAisteoir agus an Ghnó (Résumé Ríl Equity agus Spotlight)
An Ghuth Stáitse
Agus eile!
Máirín Mhic Lochlainn
Scéalaí Théin a’ Chnoic a thugann sí uirthi fhéin!
Is mar Scáalaí agus Aisteoir atá aithne ar Mháirín Mhic Lochlainn; agus sí an Scéalaíocht is gaire dá Croí! Ach scríobhann sí drámaí; dánta agus Agallaimh Beirte chomh maith! Bhí sí ina Scéalaí Conaíocht i Stuideó Cuan San Spidéal agus in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe.
Tá sí fhéin agus Bríd Uí Choisdealbha páirteach leis an nGrúpa “An Stíl Mar a Bhí” ó 2012! Seo grúpa daoine idir ceoltoirí, damhsóirí, amhránaí srl. a théann thart chuig Ionaid na nAosach ar fud Chonamara agus go háiteacha eile freisin! Le mar a thuigfeá ón ainm, claíonn siad leis an sean-style!
Bríd Uí Choisdealbha
Is amhránaí agus damhsóir í, agus fuair sí an cheird óna muintir ag Éirigh aníos in Árainn. Bhí mé pósta leis an Dramadóir agus Aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, agus chuir sí suim san aisteoireacht ansin í fhéin.
Bíonn sí ag iarraidh saothar Johnny a choinneál beó idir Agallamh Beirte, Dánta srl.