Cathaoirleach agus Rúnaí Boird nua ceaptha ag An Taibhdhearc
Tá Alan Esslemont ceaptha mar Chathaoirleach agus Feidhlim Seoighe ceaptha mar Rúnaí Boird ag An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.
Is Iar-ArdStiúrthóir ar TG4 é Alan Esslemont agus is iar-Chathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach é. Faoi cheannaireacht Alan Esslemont, d'fhorbair TG4 branda rathúil scannánaíocht Ghaeilge Cine4 as a d’eascair ‘An Cailín Ciúin/The Quiet Girl’ a ainmníodh do Ghradam Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is fearr i 2023. Faoi stiúir Esslemont, rinne TG4 dul chun cinn freisin mar sholáthraí ábhar digiteach neamhlíneach agus meán sóisialta, ag díriú go speisialta ar lucht féachana níos óige.
Alan Esslemont
Chabhraigh Alan chun BBC ALBA, an cainéal teilifíse Gàidhlige, a bhunú agus ba bhall bunaithe agus cisteoir é ar Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann, IFTA (1997-2000). Bhronn Oireachtas na Gaeilge Gradam Saoil ar Alan in 2024 agus bhronn RTS Éireann Gradam Comaoine air in 2025. Foilsíodh an chéad úrscéal leis: 'The Princess of Connemara - A Novel', in Aibreán 2026.
Dúirt Alan Esslemont, Cathaoirleach nuacheaptha Bhord An Taibhdhearc: “Ba mhaith liom aitheantas faoi leith a thabhairt don obair iontach atá déanta ag Siobhán Nic Fhlannchadha mar Chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce. Tá saothar an-tábhachtach curtha i gcrích ag Bord, Feidhmeannaigh agus Lucht Ealaíne na Taibhdheirce, agus tacaíocht tugtha ag an Rialtas don fhís agus straitéis atá deilbhithe acu. Is pribhléid an-mhór an deis seo a fháil ag an bpointe seo, chun cabhrú leis an bhforbairt seo ar an Taibhdhearc - mar ardán agus inspioráid do phobal cruthaitheach na Gaeilge agus mar Amharclann Náisiúnta do phobal féachana na Gaeilge ar fud na tíre.”
- Alan Esslemont, Cathaoirleach nuacheaptha ar Bhord An Taibhdhearc
Is as an Rinn Mór, i gcathair na Gaillimhe, d’Fheidhlim Seoighe, ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le blianta beaga anuas. Rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil na Gaillimhe agus is céimí de chuid Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é chomh maith. Is aturnae cáilithe é agus tá sé ag obair i réimse na heitlíochta i ngnólacht dlí sa phríomhchathair. Chaith sé tréimhse mar Oifigeach na Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus le hAontas na Mac Léinn in Éirinn. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus ina stiúrthóir ar Sheachtain na Gaeilge agus ar Oireachtas na Gaeilge roimhe seo.
Feidhlim Seoighe
Thosaigh Feidhlim Seoighe a théarma mar Rúnaí Boird ar an 25 Bealtaine 2026. Glacfaidh Alan Esslemont le cúraimí an Chathaoirligh ar an 13 Iúil, ag Oíche Oscailte SAOIRSE, ceoldráma nua, léirithe ag An Taibhdhearc d’Fhéile Ealaíne Idirnáisiúnta na Gaillimhe.
Suite i nGaeltacht Chiarraí, is ceoldráma greannmhar, croíúil é SAOIRSE a cheiliúrann an chéadsearc agus an chéad bhriseadh croí. Lán le fuinneamh agus hormóin, tá go leor grinn agus misnigh i SAOIRSE, le ensemble mór de dheichniúr aisteoirí/ ceoltóirí ilchumasacha ag taibhsiú beo ar stáitse.
Is í An Taibhdhearc amharclann náisiúnta na Gaeilge. Cruthaíonn siad, cuireann siad i láthair, agus tacaíonn siad leis na taibhealaíona, fréamhaithe i bhfoirgneamh stairiúil i lár cathair na Gaillimhe. Déanann siad é seo le agus ar son lucht féachana, ealaíontóirí, agus pobail na Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain.
An fhís atá ag An Taibhdhearc ná go mbeidh amharclannaíocht na Gaeilge ar chaighdeán domhanda, as a dtagadh spreagadh don uile dhuine a bheith páirteach i dtaibhealaíona na Gaeilge. Beidh An Taibhdhearc ina tearmann agus ina sprioc ag taibhealaíontóirí agus ag comhphobal na hamharclannaíochta Gaeilge. Tá na ceapacháin seo agus SAOIRSE ag dul ar aghaidh mar chuid do stráitéis Síolta 2025-2027, maoinithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Fágfaidh an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach, an Bord tar éis a dara téarma a chríochnú.
“Guím gach rath ar Alan agus Feidhlim agus iad ag teacht ar an mBord. Is ceann do mhór-onóir mo shaoil a bhí ann suí ar Bhord An Taibhdhearc, mar Chathaoirleach agus mar Rúnaí roimhe sin. Bhí an deis agam oibriú le comhghleacaithe iontacha agus tá mé bródúil as an méid a bhaineamar amach le céile. Agus An Taibhdhearc ag druidim le Comóradh an Chéad i 2028, tá mé ag súil leis an méid atá amuigh roimpi.”
- An Dr Siobhán Nic Fhlannchadha
Siobhán Nic Fhlannchadha, An tUachtarán Catherine Connolly agus Niamh Ní Chonchubhair. Creidmheas: Emilija Jefremova
Déanadh na ceapacháin seo le tacaíocht ó Boardmatch.