TAIBHSÍN: Ó BHRIONGLÓID GO BEO 

Íomhá: Laurence Winram

Beidh saothair nua as Gaeilge á thaispeáint ag An Taibhdhearc ar Oíche Chultúir i mbliana

Dé hAoine 18 Meán Fómhair | An Taibhdhearc, Gaillimh | SAOR IN AISCE

Ar Oíche Chultúir i mbliana, beidh doirse na Taibhdheirce ar oscailt agus beidh fáilte roimh dhaoine teacht chun saothair atá á gcruthú ag na healaíontóirí atá mar chuid de Taibhsín a fheiceáil, le ceiliúradh ar an mbliain atá caite acu ag brionglóideach, ag scríobh agus ag cruthú san Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. 

Beidh an t-imeacht saor in aisce agus beidh deis ag an lucht féachana breathnú ar shaothair atá cruthaithe ag na healaíontóirí atá mar chuid de Taibhsín, an clár forbartha d’ealaíontóirí na Taibhdheirce, do scríbhneoirí, d’amharclannóirí agus d’ealaíontóirí taibhithe atá ag obair go gairmiúil i nGaeilge. 

Beidh scéalta nua le Ciara Ní É, Louisa Ní Éidean agus Seán Mac Dhonnagáin, agus filíocht ó bhéal as Gaeilge, Litir do Mhacasamhail, le hOla Majekodunmi. 

Beidh Em Ball / O’Ceallaigh ag stiúradh agus beidh Ann Marie Horan agus Diarmuid de Faoite mar chuid den chliar. Tugann Taibhsín: Ó Bhrionglóid go Beo deis don lucht féachana an saothar seo a fheiceáil ag uain chinniúnach - agus iad ag bogadh ó fhorbairt go léiriú. Beidh fáilte roimh dhaoine fanacht don imeacht ar fad nó freastal ar léirithe ar leith. 

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne An Taibhdhearc:

“An sprioc atá ag Taibhsín ná am, spás agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí chun saothair nua ardaidhmeannach a chruthú. Mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ní hamháin gurb é an aidhm atá againn saothair a léiriú, ach infheistíocht a dhéanamh sna healaíontóirí, sna smaointe agus sna saothair nua a rachaidh i bhfeidhm ar an amharclannaíocht trí Ghaeilge agus ar earnáil na n-ealaíon sa todhchaí.

Le cothrom céad bliain na Taibhdheirce ag ag druidim linn i 2028, tá bród orainn go bhfuil guthanna nua agus saothair nua ag teacht as an bhfoirgneamh seo. Ba mhaith linn go mbeadh An Taibhdhearc mar lárionad do shaothair chomhaimseartha as Gaeilge, saothair a léiríonn na buanna, guthanna, agus taithí in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá muid ag tnúth le céad bliain na Taibhdheirce, agus tá muid ag tnúth go mór le céard atá le teacht.”

Dúirt an Stiúrthóir Em Ó Ceallaigh:

“Gheobhaidh an lucht féachana an chéad bhlaiseadh de shaothair ó chuid dár n-ealaíontóirí is iontaí agus is nuálaí. Beidh mé ag obair le foireann chruthaitheach iontach chun na drámaí nua seo a thaispeáint, in éineacht le filíocht ó bhéal nua le hOla Majekodunmi. Leis an gceol beo agus dioscmharcach, beidh Oíche Chultúir beo bríomhar againn ag An Taibhdhearc. Tar isteach chun na saothair nua a fheiceáil, agus fan don cheol agus don chraic - ná cailligí amach!”

Tosaíonn Oíche Chultúir sa Taibhdhearc ar maidin leis an Ealaíontóir Luathbhlianta Cliodhna Noonan ag roinnt M'Iníon sa Ghairdín , atá á fhorbairt, agus lucht féachana óg ó naíolanna áitiúla á dtabhairt cuireadh dóibh. Ó 5.30pm sa Chaifé beidh ceol beo ó Emer O'Flaherty agus Philip Fogarty . I ndiaidh na Taibhsíne , rachaidh DJ Ferdilicious chuig na deiceanna san amharclann, ag tabhairt deis don lucht féachana fanacht, bualadh leis na healaíontóirí agus taitneamh a bhaint as borradh Oíche Chultúir i gcroílár na Gaillimhe.

Dóibh siúd nach féidir leo teacht go Gaillimh, scaoilfidh An Taibhdhearc leagan scannánaithe de shaothar nua labhartha Ola Majekodunmi , Litir do Mhacasamhail , ar líne, Dé hAoine an 18 Meán Fómhair mar chuid dá gceiliúradh Oíche Chultúir.

Taibhsín: Ó Bhrionglóid go Beo ar siúl sa Taibhdhearc ag 7.30pm Dé hAoine 18 Meán Fómhair. Tá ticéid saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré ag https://www.antaibhdhearc.com/ga/oiche-chultuir-2026 .

Roimhe Seo
Roimhe Seo

Tuairimí á Lorg ar Straitéis Nua na Taibhdheirce, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge 

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Fógraíonn An Taibhdhearc agus The Performance Corporation Tír an Traonaigh – mórléiriú nua suíomhoiriúnaithe Gaeilge i nGaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo.